Athbhreithniú Bliantúil 2022
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá cáineadh déanta ag an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, Ger Deering, ar roinnt údarás poiblí as mainneachtain ina gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil (RFC).
Ag labhairt dó ar fhoilsiú Athbhreithnithe Bliantúil 2022 de chuid Oifig an Choimisinéara, dúirt an tUasal Deering go raibh sé seo “do-ghlactha”. Dúirt sé freisin gur chonacthas dó ó bheith ag déanamh athbhreithnithe ar chinntí a rinne na húdaráis áitiúla, gur léirigh roinnt díobh easpa tuisceana agus rannpháirtíochta maidir le RFC. (Tugann RFC an ceart do dhaoine rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh na n-údarás áitiúil.)
Dúirt an Coimisinéir nár sheas sé ach le ceithre cinn de na cinntí (3.1%) as na 129 cinneadh a rinne údaráis phoiblí, a cuireadh ar aghaidh chuig a Oifig chun go ndéanfaí cinneadh ceangailteach orthu.
Dhírigh an Coimisinéir aird freisin ar mhéadú beag i líon na ‘ndiúltuithe measta’ – cásanna inar theip ar údarás poiblí cinneadh a dhéanamh ar RFC in am. Tharla sé seo i 146 cás ag an gcéim ‘cinneadh tosaigh’, agus i 164 cás ag an gcéim ‘athbhreithniú inmheánach’.
D’iarr an Coimisinéir go mbeadh caidreamh níos fearr idir na húdaráis phoiblí agus iad siúd a dhéanann iarratas ar rochtain ar fhaisnéis comhshaoil, agus go mba chóir do na húdaráis phoiblí níos mó tacaíochta a sholáthar agus níos mó béime a chur ar dhéileáil le hiarratais ar RFC nuair is gá.
Ba í 2022 an bhliain ina raibh an líon is mó achomharc riamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Fuarthas 369 cás anuraidh – méadú 151% ar 2021. Agus in 2022 chuir Oifig an Choimisinéara deireadh le 227 cás, an líon is mó riamh i stair na hOifige, méadú ó 83 in 2021.
Bhain os cionn 69% de na hachomhairc a rinneadh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (257 in 2022) leis an bhforaoiseacht. Bhain na cásanna seo le Coillte den chuid is mó agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. I 90 cás, ní dhearna Coillte cinneadh in am ag an gcéim ‘cinneadh tosaigh’, agus in 88 cás, ag an gcéim ‘athbhreithniú inmheánach’. Theip ar an Roinn cinneadh a eisiúint laistigh den teorainn ama reachtúil i 26 cás ag an ‘gcéim thosaigh’, agus in 37 nuair a rinneadh ‘athbhreithniú inmheánach’.
Tá roinnt cás-staidéar le fáil in Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil 2022, lena n-áirítear:
Theip ar Comhairle Contae Chill Mhantáin cinneadh a eisiúint in am ar iarratas ar fhaisnéis maidir le truailliú na Sláine cóngarach do theach an iarratasóra. Ansin, i ndiaidh ‘athbhreithnithe inmheánaigh’ dhiúltaigh an Chomhairle rochtain a cheadú maidir leis an gcinneadh a rinne sí. Chuir sí aigheacht teoranta faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhsaoil chun an cinneadh sin a mhíniú. Níor fhreagair an Chomhairle ar iarratais a rinne an Coimisinéir ina d’iarr sé ar aighneacht uathu a bheadh níos mionsonraithe chun saincheisteanna áirithe a shoiléiriú. Chuir an Coimisineir cinneadh an Chomhairle ar ceal agus dúirt sé go raibh iompar an Chomhairle maidir leis an achomharc do-ghlactha.
(Féach leathanach 18 d’Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara 2022)
Bhí comhfhreagras ag dul ar aghaidh ar feadh míonna idir Oifig an Choimisinéara agus Coillte chun a dheimhniú an ndearna Coillte na cuardaigh chearta mar fhreagairt ar iarratas faoi na rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil. Dúirt an Coimisinéir dá mba rud é gur sholáthraigh Coillte an fhaisnéis ábhartha nuair a d’iarr a Oifig í ar an gcéad dul síos, bheadh an t-athbhreithniú a rinne sé i bhfad níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ó thaobh costas de do gach páirtí.
(Féach leathanach 25 d’Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara 2022)
Dhiúltaigh an Bord Pleanála (ABP) d’iarratas a rinneadh faoi na rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil maidir leis na pleananna atá ann éisteachtaí poiblí ar Chuarbhóthar na Gaillimhe a athosú. Nuair an dhiúltaigh ABP don iarratas, dúirt siad go mbeadh na doiciméid ábhartha ar fáil ar na comhaid phleanála poiblí tar éis don chinneadh pleanála a bheith eisithe. Nuair a fuair an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil amach go ndearnadh cinneadh faoin iarratas pleanála, d’iarr sé an raibh rochtain anois ag an bpobal ar na doiciméid. Dúirt ABP go raibh na taifid ábhartha san fhearann poiblí anois ach nár iarr an t-iarratasóir rochtain a fháil orthu. Ansin dúirt ABP leis an gCoimisinéir nach raibh an fhaisnéis a coimeádadh siar ar fáil go poiblí mar ní raibh sí ina cuid den chomhad pleanála. Tar éis teagmháil a dhéanamh leo cúig huaire, dheimhnigh an Coimisinéir nach raibh aon bhunús ann chun diúltú don iarratas ar fhaisnéis, agus d’ordaigh sé go scaoilfí an fhaisnéis.
(Féach leathanach 24 d’Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara 2022)
DEIREADH