Inrochtaineacht
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá rialtas na hÉireann tiomanta don suíomh greasáin seo a dhéanamh inrochtana de réir I.R. 358/2020.
Táimid tiomanta do chaighdeán AA faoi threoirlínte WCAG 2.1 a bhaint amach.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an suíomh greasáin seo amháin - ní le láithreáin rialtais ná le fofhearainn eile.
Cloíonn an suíomh greasáin seo go páirteach le treoirlínte WCAG 2.1 AA.
Inneachar neamh-inrochtana
Táblaí: Níl ceanntásca sainithe i gceart ag roinnt táblaí ar an suíomh greasáin seo. Fágann sé sin go bhfuil sé níos deacra do dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheanta gutha an t-ábhar ar an suíomh a léamh. ( Treoirlíne WCAG 1.3.1)
Íomhánna: Níl tuairiscí grianghraf (nó meiteathuairisc) ag gach íomhá ar an suíomh greasáin seo. Mura mbíonn na tuairiscí cearta ag íomhánna, ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a bhraitheann ar theicneolaíochtaí cúnta an fhaisnéis a chuirtear in iúl san íomhá ( treoirlínte WCAG 1.1.1)
PDFanna: Foilsítear go leor doiciméad mar PDFanna - nach bhfuil chomh hinrochtana le leathanaigh HTML do dhaoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta. I measc na ndeacrachtaí le PDFanna tá:
• nach bhfuil siad leabharmharcáilte ( external-link https://www.w3.org/WAI/WCAG21/Techniques/pdf/PDF2 | treoirlíne WCAG 2.4.5 ])
• nach bhfuil táblaí in PDFanna sainithe ( treoirlíne WCAG 1.3.1 )
Ní liosta uileghabhálach d'ábhar neamh-inrochtana é an t-inneachar sin.
Inneachar díolmhaithe
Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin sa chás go mbaineann siad le seirbhís nach mór do dhuine den phobal a úsáid.
Tá físeáin nó fuaim a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte seo
Bainimid úsáid as treoirlínte AA leibhéal WCAG chun tástáil a dhéanamh ar a inrochtana is atá an suíomh greasáin seo. D'úsáid muid cur chuige na Modheolaíochta Meastóireachta Comhréireachta ar Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin (WCAG-EM) chun an suíomh a mheas.
Tá iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus rinne muid tástáil úsáideora ar an suíomh. Leanfaimid orainn á dhéanamh sin - go háirithe nuair is féidir linn tástáil a dhéanamh arís ar bhonn pearsanta.
• táimid chun tuairiscí grianghraf a dhéanamh éigeantach ar an suíomh greasáin seo agus spotseiceálacha rialta a dhéanamh ar ghrianghraif ar fud na ranna go léir ar bhonn ráithiúil
• leanfaimid orainn ag obair le ranna chun a chinntiú go bhfuil siad ag foilsiú leathanaigh HTML in ionad formáidí nach bhfuil chomh hinrochtana amhail PDF
• leanfaimid orainn ag áitiú gur Béarla simplí a úsáidfidh ranna chun cur síos a dhéanamh ar sheirbhísí a mbeidh baill den phobal ag brath orthu
Má tá aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an ábhair a úsáidtear ar shuíomh roinne – is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana ábhartha do Dhaoine faoi Mhíchumas i ngach roinn.
Géarú ar Ghearán
Mura bhfuil tú sásta le freagra na Roinne, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.