Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na Rialacháin maidir le hathúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí á gcomhlíonadh ag Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus spreagann foireann na hOifige athúsáid na faisnéise a chuireann sí ar fáil.
Tá an fhaisnéis ar fad a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil faoi chóipcheart Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Is féidir leat an fhaisnéis atá le fáil ar an suíomh gréasáin a athúsáid i do rogha formáide. San áireamh in athúsáid tá:
Tá taighde agus staidéar neamhthráchtála san áireamh freisin.
Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá le fáil ag data.gov.ie . Go ginearálta, tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
Níl Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais a bhaineann le hathúsáid na faisnéise atá le fáil ar a suíomh gréasáin. Ainneoin go bhfuil gach iarracht déanta a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá le fáil ar a suíomh gréasáin cothrom le dáta agus beacht, ní dheimhníonn Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil go bhfuil an fhaisnéis ar fad ar a suíomh gréasáin cothrom le dáta nó gan earráid. Ní údaraíonn Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith aige nó aici chun faisnéis dá gcuid a athúsáid.