Saoráil Faisnéise
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhlacht páirt-eisiata é OCEI chun críocha an Achta (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, rannóg 6, Cuid 1 den Acht sin). Ciallaíonn sé sin nach gceanglaítear de réir an dlí, taifid atá i seilbh OCEI a bhaineann le hachomhairc shonracha (i gcomparáid le taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna OCEI) a chur ar fáil don phobal. Féadfaidh tú taifid a lorg a bhaineann le riarachán ginearálta OCEI.
Más mian leat taifid a lorg ó OCEI, seol nóta i scríbhinn chugainn ina sonraítear go bhfuil iarratas á dhéanamh agat faoi Acht SF 2014. Ba cheart duit d'iarratas a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist info@ocei.ie nó a sheoladh sa phost chuig An tOifigeach SF, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Cuir an oiread faisnéise agus is féidir leat ar fáil chun cabhrú linn an fhaisnéis atá á lorg agat a fháil. Má tá faisnéis ag teastáil uait i bhformáid ar leith (mar shampla: fótachóip, tras-scríbhinn, diosca ríomhaire; nó más mian leat an fhaisnéis a scrúdú inár n-oifig), ba cheart duit é sin a shonrú go soiléir i d'iarratas. Má tá leasú ar thaifead á lorg agat, ba cheart duit an taifead ábhartha a shainaithint i d'iarratas mar aon leis an leasú riachtanach.
Tairgfimid, más cuí, cabhrú leat le d'iarratas a dhéanamh agus féadfaimis teagmháil a dhéanamh leat chun an méid atá á lorg agat a shoiléiriú. Go háirithe, cabhróimid le hiarrthóir atá faoi mhíchumas más féidir linn.
In imthosca áirithe, gearrtar táillí faoin Acht SF. Níl aon táille le híoc chun iarratas SF tosaigh a dhéanamh; tá táille €30 le híoc le haghaidh athbhreithniú inmheánach, nó €10 más sealbhóir cárta leighis atá ag déanamh an iarratais. Má tá táille iníoctha i gcomhair iarratais ar athbhreithniú inmheánach, ní mór duit an táille sin a íoc i bhfoirm seic, dréacht bainc nó ordú poist.
I ndiaidh dúinn iarratas a fháil, déanfaimid cinneadh laistigh de cheithre seachtaine. Eiseoimid an cinneadh chugat i scríbhinn, agus sonróimid cibé acu an bhfuil d'iarratas á cheadú, á cheadú i bpáirt nó á dhiúltú agus cén fáth.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh nó mura bhfuil cinneadh faighte agat i ndiaidh ceithre seachtaine (‘diúltú trí neamhfhreagra’), is féidir leat 'athbhreithniú inmheánach' ar an gcinneadh a lorg.
Is sásra achomhairc é 'athbhreithniú inmheánach' a chiallaíonn go ndéanann oifigeach OCEI níos sinsearaí ná an duine a rinne an cinneadh maidir le d'iarratas tosaigh athbhreithniú ar an gcinneadh a rinneadh. Más mian leat athbhreithniú inmheánach a lorg, ní mór duit nóta i scríbhinn a sheoladh chugainn ina dtagraítear don chinneadh a rinneadh (má rinneadh cinneadh) agus a shonrú go bhfuil athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh sin á lorg agat.
Ní féidir leat aird a tharraingt ar shaincheisteanna nua i d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach. Is é an t-aon chuspóir atá leis an athbhreithniú deis a thabhairt d'oifigeach eile athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a rinneadh maidir le d'iarratas bunaidh. Is féidir leat a bheith ag súil le cinneadh laistigh de thrí sheachtaine i ndiaidh dúinn d'iarratas a fháil.
Is féidir leat an cinneadh a rinneadh maidir leis an athbhreithniú inmheánach a achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise laistigh de shé mhí. Ba cheart gach achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist info@oic.ie, nó a fhágáil in Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil nó é a sheoladh sa phost chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
D'fhéadfaí táille €50 (€15 i gcomhar sealbhóirí cárta leighis) a ghearradh, ach níl aon táille le híoc d'iarratas a bhaineann díreach le faisnéis phearsanta a bhaineann leatsa nó le cinneadh táille nó éarlais a fhorchur.
Nuair a chuireann Oifig an Choimisinéara Faisnéise scéala chugat maidir leis an gcinneadh a rinneadh faoi d'achomharc. cuirfear faisnéis ar fáil duit maidir le do cheart achomharc a dhéanamh leis na cúirteanna freisin.