Seirbhís do chustaiméirí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhlacht neamhspleách é Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil a dhéanann athbhreithniú are na cinntí a dhéanann na húdaráis phoiblí maidir le hiarratais a fhaigheann siad ó dhaoine atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis comhshaoil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach 2007 go 2018. Leagtar amach sa doiciméad seo ár dtiomantas agus na seirbhísí caighdeáin is féidir leat a bheith ag súil uainn.
Má ghlaonn tú orainn:
•Freagróimid go pras
•Tabharfaimid ár n-ainm duit nuair a fhreagraímid do ghlaoch
•Beimid béasach agus cuideoimid leat
•Tabharfaimid freagra iomlán duit ar do cheist
•Mura féidir linn é a dhéanamh láithreach, tógfaimid do shonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir
•Freagróimid ar gach glórphost gan mhoill
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn:
•Cuirfimid in iúl duit laistigh de 2-3 lá go bhfuarthas do chomhfhreagras
•Déanfaimid cinnte de go bhfaighidh tú freagra iomlán ar do chomhfhreagras scríofa laistigh de 10 lá oibre
•Mura féidir linn freagra iomlán a sholáthar laistigh de 10 lá oibre, scríobhfaimid chugat agus míneoimid cén fáth. Cuirfimid in iúl duit cén uair ar féidir leat a bheith ag súil le freagra iomlán
•Tabharfaimid ainm agus sonraí teagmhála duit chomh maith le huimhir thagartha (más cuí)
•Scríobhfaimid chugat i dteanga ata soiléir agus seachnóimid téarmaí teicniúla agus téarmaí dlí más féidir
Má dhéanann tú iarratas ar athbhreithniú faoi chinneadh a rinne comhlacht poiblí:
•Cuirfimid in iúl duit laistigh de 2-3 lá go bhfuarthas d’iarratas
•Coimeádfaimid ar an eolas thú maidir le dul chun cinn i do chás
•Inseoimid duit a luaithe is féidir agus chomh soiléir agus is féidir, an toradh a bhí ar an athbhreithniú a rinneadh i do chás-sa
Má thugann tú cuairt orainn:
•Caithfimid leat le cúitéis, léireoimid meas ar do phríobháideachas agus caithfimid leat ar bhealach cóir
•Buailfimid leat ag an am a comhaontaíodh má tá coinne agat
•Cuirfimid áiseanna cuí ar fáil le haghaidh cruinnithe
•Coimeádfaimid ár n-oifigí poiblí glan agus néata agus déanfaimid cinnte de go gcomhlíonann siad caighdeáin sláinte agus sábháilteachta
Déanfaimid gach iarracht cuidiú leat más mian leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
•Freagrófar ar chomhfhreagras i nGaeilge más i nGaeilge a fhaightear é
•Foilseoimid príomhdoiciméid i nGaeilge agus i mBéarla, ár dTuarascáil Bhliantúil san áireamh
•Déanfaimid cinnte de go bhfuil na bileoga eolais a dhírítear ar an bpobal le fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon
•Beidh an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin chomh cosúil leis an leagan Béarla agus is féidir
•Comhlíonfaimid ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá foilsithe ar ár suíomh gréasáin
•Táimid tiomanta déileáil leat gan leithcheal ná dochar
•Léireoimid meas ar chomhionannas agus ar chearta daonna de réir phrionsabal na hEarnála Poiblí
•Beidh sé mar aidhm againn ár seirbhísí agus ár n-áiseanna a chur ar fáil chun go mbeidh teacht agat orthu go héasca
•Beidh meas againn ar do cheart chun príobháideachta
•Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig Rochtana atá ceaptha againn faoin Acht um Míchumas accessofficer@ocei.ie
•Agus an Chairt um Sheirbhísí do Chustaiméirí seo á forbairt againn, cíoradh go mion saincheisteanna maidir le leithcheal a dhíothú, an comhionannas a chur chun cinn agus cearta daonna a chosaint, mar atá leagtha síos in alt 42(1)(a)-(c) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014
Má théann rudaí in aimhréidh agus má tá tú míshásta lenár seirbhís do chustaiméirí, inis dúinn é, le do thoil.
Baineann sé seo le seirbhís agus cúram do chustaiméirí agus conas ar dhéileáil an fhoireann leat.
•Ar an gcéad dul síos, luaigh é leis an duine a bhfuil tú ag déileáil leis/léi san Oifig, ionas gur féidir linn dul i ngleic leis a luaithe is féidir
•Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt agus ba mhaith leat gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhíse a fuair tú ón Oifig seo, is féidir leat scríobh chuig an Ard-Stiúrthóir, Elaine Cassidy, trí ríomhphost a chur chuig:
•Tá sé mar aidhm againn a admháil go bhfuarthas a leithéid de ghearáin laistigh de chúig lá oibre, agus déanfaimid iarracht freagra iomlán a sholáthar laistigh de 20 lá oibre
Má tá easaontas ann faoin toradh i do chás, sáródh sé sin scóip an cineáil seo gearáin. Sna cinntí a eisímid nuair a bhíonn deireadh le hathbhreithniú, áirítear sonraí maidir le cearta reachtúla a bhaineann le hachomharc a dhéanamh.
Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
•Luaigh an chúis atá agat achomharc a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir leat agus go achomair
•Cuir cóipeanna de phríomhdhoiciméid tacaíochta ar aghaidh chugainn nuair atá d’achomharc á dhéanamh agat, le do thoil
•Déan tagairt d’aon uimhir theagmhála ábhartha i do chomhfhreagras linn
•Mar chuid dár chairt custaiméara, táimid tiomanta meas a léiriú le húsáideoirí ár seirbhíse agus déileáil leo go gairmiúil. Táimid ag súil go léireoidh tusa freisin an meas céanna dár bhfoireann agus don tseirbhís a chuirimid ar fáil. Tá Polasaí maidir le hIompar Réasúnta againn atá foilsithe mar dhoiciméad faoi leith. Leagtar amach ann cad é a bhfuilimid ag súil le ónár gcustaiméirí nuair a bhíonn siad i dteagmháil lenár n-oifig agus an cineál iompair atá do-ghlactha dúinn. Tá nasc anseo don pholasaí (NASC Polasaí maidir le hIompar Réasúnta)
Oifigeach saorála faisnéise: info@ocei.ie
Oifigeach cosanta sonraí: dataprotection@ombudsman.ie
Tuigimid go mbíonn strus i gceist le gearán/nochtadh/achomharc nó iarratas a dhéanamh, agus ó am go ham, bíonn sé seo le braistint sa teagmháil a bhíonn ag daoine leis an Oifig seo. Is eol don fhoireann anseo go mbaineann sé seo leis an bpost atá acu.
É sin ráite, bímid ag súil go n-iompróidh daoine iad féin go réasúnta nuair a théann siad i dteagmháil lenár nOifig. Ní iarrfar ar an bhfoireann cur suas le hiompar atá maslach, gránna ná bagrach, nó má thógann sé an iomarca ama agus acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid chun cuidiú le custaiméirí eile.
Ní ghlacfar leis an iompar seo a leanas:
Má dhúnann an Oifig seo comhad, tá sé míréasúnta diúltiú don chinneadh nó má éilítear go bhféachfaidh ball eile den fhoireann ar an gcás arís.
Is éileamh míréasúnta é má éilítear go ngíomhaítear maidir le cás atá lasmuigh de shainchúram na hOifige seo; má lorgaítear réiteach nach bhfuil réadúil nó atá díréireach; má éilítear go ndéileálfaidh nó nach ndéileálfaidh duine áirithe le do chás, nó má éilítear go ndéileálfar le do chás laistigh d’achar ama faoi leith nó roimh custaiméirí eile.
Léirítear é seo tríd an gcás a shainmhíniú don Oifig ar bhealach atá doiléir; trí mhórán doiciméad a chur i láthair ar bhealach atá trí chéile; trí bhonn an cháis a athrú fad is atá próiseas na hOifige ar siúl; trí eolas a choimeád siar agus gan a bheith macánta faoi na fíricí. Áirítear freisin neamhchomhoibriú uaitse leis an Oifig a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an bpróiseas.
Ní cóir argóintí míréasúnta a dhéanamh les an Oifig seo. Mar shampla, áibhéil a dhéanamh, argóintí a chur i láthair nach mbaineann le hábhar, bheith meáite go nglactar le do leagan-sa den scéal nuair nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil chun tacú leis seo, nó má dhiúltaíonn tú glacadh leis go bhféadfadh leagan eile den scéal a bheith i gceist.
Áirítear le hiompar míréasúnta glaonna gutháin iolracha, ríomhphoist nó litreacha faoin ábhar céanna, bagairtí foiréigin, mí-úsáid fhoireann na hOifige, iompar drochbhéasach nó bagrach, íomháú graosta a sheoladh agus iarracht a dhéanamh foireann a spreagadh chun dul i mbun argóinte nach bhfuil gá léi agus a chuireann am amú. Meastar freisin gur iompar maslach iad ráitis ghríosaitheacha agus líomhaintí gan chruthú.
Tabhair le fios, le do thoil, má fhaightear ríomhphoist le heascainí agus/nó íomhánna do-ghlactha, nach n-admhófar ríomhphoist dá leithéid agus go gcuirfear moill ar do chomhfhreagras, toisc go gcuireann ár mballa dóiteáin bac orthu go huathoibríoch. Má leanann na ríomhphoist seo ar aghaidh cuirfear bac ar an seoladh ríomhphoist.
Ní ghlacfar le comhfhreagras atá maslach ná bagrach don fhoireann. Ní eiseofar freagra ar a leithéid de chomhfhreagras.
Déarfaimid leis an duine má mheasaimid go raibh siad drochmhúinte nó maslach, agus iarrfaimid orthu gan a leithéid de chaint a úsaid. Tá an ceart ag an bhfoireann deireadh a chur le glaoch gutháin má leantar leis an iompar sin.
Má mheasaimid go raibh do chuid iompair míréasúnta, déarfaimid leat é agus iarrfaimid ort é a athrú.
D’fhéadfadh a bheith i gceist le hiompar míréasúnta, eachtra nó dhó ar leith, nó eachtraí nó iompar a tharlaíonn thar tréimhse ama. Má leantar leis an iompar míréasúnta nó má mheastar gur cúis imní é (ar nós foréigean a bhagairt ar bhall foirne), gníomhóimid chun srian a chur leis an teagmháil atá ag an ngearánach lenár n-oifigí agus lenár bhfoireann.
De ghnáth, déanfar an cinneadh seo nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag ball foirne níos sinsearaí ar an gcás. Beidh na srianta cuí agus ag teacht leis an saghas iompair atá i gceist. Is iad na roghanna is dócha go mbainfear úsáid astu ná:
I ngach cás, scríobhfaimid chugat chun a rá leat cén fáth an gcreidimid go bhfuil d’iompar míreasúnta agus an rud atá i gceist againn a dhéanamh. Má tá an t-iompar as cuimse ar fad, agus má chuireann sé sábháilteacht agus leas na foirne agus daoine eile i mbaol, gníomhóimid dá réir. Mar shampla, cuirfimid an cás faoi bhráid an Gharda Síochána nó tionscnóimid imeachtaí dlí. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfaimid rabhadh duit maidir leis sin.
Beag beann ar d’iompar, léiróidh ár bhfoireann meas ort mar aon le dearcadh neamhchlaonta maidir leis na saincheisteanna atá ardaithe agat leis an Oifig seo.
Agus an Polasaí maidir le hIompar Réasúnta á fhorbairt aici, chuir an Oifig san áireamh nach mór deireadh a chur leis an leithcheal, comhionannas a chur chun chinn agus na cearta daonna a chosaint atá leagtha síos in alt 42(1)(a)-(c) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.