Straitéis agus rialachas
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Soláthraíonn Oifig an Ombudsman an tacaíocht Seirbhísí Corparáideacha d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus do roinnt Oifigí reachtúla eile. Cé go ndéanann na hOifigí éagsúla feidhmeanna reachtúla soiléire agus ar leith, feidhmíonn an Oifig mar ghníomhaireacht chónasctha aonair i dtaobh cúrsaí eagraíochtúla. Tá an Oifig á maoiniú ag Vóta amháin agus á maoirsiú ag Oifigeach Cuntasaíochta (Ardstiúrthóir) a fhaigheann tacaoícht ó Choiste Comhairleach Bainistíochta. Agus iad i mbun a gcuid oibre glacann ár bhfoireann leis na hoibleagáidí traidisiúnta príobháideachais agus ionracais i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil agus ag an am céanna cosnaíonn agus caomhnaíonn siad neamhspleáchas reachtúil agus feidhmeanna gach ceann de na comhoifigí ina n-oibríonn siad. Tá nuashonruithe maidir lenár Rialachas Corparáideach leagtha amach ar an leathanach Straitéis agus Rialachas ar láithreán gréasáin Oifig an Ombudsman.
Cuimsíonn an Leathanach seo faisnéis agus nuashonruithe maidir le:
• ár bPlean Straitéiseach 2022-25
• ár gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
• ár gcomhlíonadh le ceanglais an Achta um Nochtadh Cosanta
• ár gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi alt 42 Acht an IHREC (an dualgas ar sheirbhísigh phoiblí i ndáil le cearta an duine)
• ár gCreat Rialachais Chorparáidigh
• ár bhFoireann Ghlas (lena n-áirítear ár gcomhlíonadh leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin)
• ballraíocht eagraíochtaí.
Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaintí ar fáil d'oibrithe a chuireann ábhair imní dlisteanacha in iúl maidir le héagóir a tharla nó éagóir a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe san áit oibre. D'fhorbair an Oifig nósanna imeachta i gcomhréir leis an Acht 2014 nósanna imeachta a d'fhaomh an Fhoireann Bainistíochta. Tugtar eolas faoin méid seo a leanas sna nósanna imeachta:
Aithníonn an Oifig an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mothaíonn baill foirne go dtacaítear leo san áit oibre. Tacaíonn an próiseas le tiomantas na hOifige do chinntiú go spreagann agus go n-éascaíonn a chultúr agus timpeallacht oibre baill foirne 'labhairt amach' faoi aon cheist a chuireann isteach ar chumas na hOifige a dhualgais a chur chun críche.
Éilítear le hAlt 22 den Acht 2014 go n-ullmhóidh gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil agus go bhfoilseoidh siad í maidir leis na nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin. Léirítear cúrsaí maidir leis sin sa tábla thíos:
Bliain | Nochtaí Cosanta a Fuarthas |
2016 | Nialas |
2017 | Nialas |
2018 | Nialas |
2019 | Nialas |
2020 | Nialas |
2021 | Nialas |
2022 | Nialas |