Athbhreithniú Bliantúil 2023: Eisiúint do na Meáin
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, Ger Deering, roimh an bhfeabhas atá déanta ag údaráis phoiblí, ar nós ranna rialtais agus comhairlí contae, chun déileáil le hiarratais a fhaigheann siad ar fhaisnéis faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil (RFC).
Ag labhairt dó ag foilsiú an athbhreithnithe bhliantúil don bhliain 2023, dúirt an tUasal Deering gur tharla laghdú i líon na gcásanna ‘diúltiú measta’ a chonaic sé anuraidh – nuair a theipeann ar údarás poiblí cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas RFC in am. Ag an am céanna, dúirt sé go raibh céatadán na gcinntí ó údaráis phoiblí a chealaigh Oifig an Choimisinéara ar achomarc, beagnach 92%, ‘an-ard, agus bhí sé sin do-ghlactha’.
Tugann na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil an ceart don phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh na n-údarás poiblí, ar nós ranna rialtais agus comhlachtaí Stáit eile. Déanann an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil athbhreithniú ar chinntí a dhéanann údarás poiblí nuair a chuirtear iarratas RFC isteach chuige.
Sa Bhliain 2023 cuireadh 351 achomarc isteach chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Cé gur laghdú beag é sin i gcomparáid le i 2022 nuair a bhí 369 achomarc, tá sé ar aon dul leis an ardú suntasach ar achomharc atá ag teacht isteach chun na hOifige seo - sa bhliain 2021 bhí 147 achomarac, agus an bhliain roimhe sin, ní raibh ach 46 achomharc ann.
Rinne an Coimisinéir an-cháineadh ar líon na ‘ndiúltuithe measta’ a chonacthas ina Oifig sa bhliain 2022 – cásanna inar theip ar údarás poiblí cinneadh a dhéanamh faoi iarratas RFC laistigh den achar ama atá leagtha síos sa reachtaíocht. Ach sa bhliain 2023 tharla laghdú 40% ar líon na ndiúltuithe measta ag an gcéim chinnteoireachta bunaidh, agus laghdú 62% ag an gcéim ‘athbhreithnithe inmheánaí’. Dúirt the Coimisinéir cé gur fháiltigh sé roimh an laghdú seo, bhí líon mór cásanna ann fós inar theip ar údaráis phoiblí cinneadh a sholáthar in am (149 de na 351 achomharc a fuarthas ina Oifig).
Dúirt an Coimisinéir freisin gur cúis díomá dó go raibh air tuairisciú nárbh fhéidir leis ach seacht gcinneadh (5.1%) a rinne údarás poiblí a dheimhniú as na 136 cinneadh a d’eisigh sé sa bhliain 2023. D’athraigh sé an cinneadh a rinne údarás poiblí i gceithre chás (2.9%), agus i 125 cás (beagnach 92%), chuir sé cinneadh an údaráis phoiblí ar ceal. Dúirt an Coimisinéir go raibh an ráta cealaithe seo, beagnach 92%, díreach mar an gcéanna leis an ráta ó 2022 agus ba chúis mhór imní í seo.
San Athbhreithniú Bliantúil ón gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhsahoil don bhliain 2023, tá roinnt cás-staidéir ar fáil, lena n-áirítear na cinn a leanas:
Dhiúltaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann rochtain a sholáthar ar thuairisc a scríobh rialtóirí aerthráchta faoin tuairt héileacaptair ‘Tarrtháil 116’ a tharla i gCuan an Fhóid Duibh i Márta 2017. Cuireadh achomharc i gcoinne an chinnidh faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, Ger Deering. Mar is gnách i gcás mar seo, d’iarr an Coimisinéir go gcuirfí cóip den tuairisc ar fáil dó chun cuidiú leis an athbhreithniú. Dhiúltaigh ÚEÉ cóip a sholáthar don Choimisinéir, áfach. Luaigh ÚEÉ cúiseanna éagsúla maidir leis an diúltiú seo, ach theip orthu dul i mbun caidrimh leis an gCoimisinéir. Lena chois sin, d’ainneoin gur iarr an Coimisinéir orthu arís agus arís eile, níor mhínigh siad foras an chinnidh gan rochtain a sholáthar ar an tuairisc faoi na Rialacháin RFC.
In chinneadh a rinne sé, tharraing an Coimisinéir aird ar an dualgas atá ar údaráis phoiblí faoi na dlíthe RFC, cúiseanna faoi na cinntí a dhéanann siad a sholáthar nuair a dhiúltaítear d’iarratas RFC. Dúirt an Coimisinéir nár chomhlíon ÚEÉ lena chuid oigleagáidí faoi RFC, agus thug sé ordú dóibh cinneadh nua a dhéanamh a bheadh ag teacht leis na Rialacháin.
Féach leathanach 19 d’ Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara 2023 (Uimhir thagartha cáis: OCE 127739-F6N9X8)
I gcinneadh amháin a raibh baint aige le 20 achomharc a cuireadh faoi bhráid na hOifige, cháin an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, Ger Deering, an Roinn Talmhaíocha, Bia agus Mara as an gcinneadh agus easpa cuardaigh a rinne siad chun taifid a aimsiú de bharr iarratais a cuireadh isteach faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil (RFC). Chuir roinnt daoine iarratais a bhain le cúrsaí foraiseachta faoi bhráid na Roinne faoi na Rialacháin RFC. Dhiúltaigh an Roinn do na hiarratais ach dúirt an Coimisinéir nár thug an Roinn “cúis ar bith as na hiarratais seo a dhiúltiú agus ba ghné suntasach é seo.” Dúirt sé freisin “nach ndearnadh cuardaigh leordhóthanacha”, agus go raibh sé “do-ghlactha gur sholáthair an Roinn an cinneadh díreach céanna mar fhreagairt ar an oiread sin iarratas gan fiú leibhéal bunúsach réasúnaíochta a sholáthar.”
D’admháil an Roinn nár chloígh sí go hiomlán leis na Rialacháin RFC. Thug an Coimisinéir ordú don Roinn cinneadh nua a dhéanamh maidir leis na hiarratais.
Féach leathanach 22 d’ Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara 2023 (Uimhir thagartha cáis: OCE-125285-R5R7T4)
Is féidir Athbhreithniú Bliantúil an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil 2023 a léamh anseo www.ocei.ie
DEIREADH
Ceisteanna ó na meáin:
Dave Nutley
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Teil: 086 412 0240
Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2