Imscrúdaitheoir (Príomhoifigeach Cúnta) in Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comórtas á reáchtáil ag an Oifig chun an t-iarrthóir is fearr cáilithe a roghnú ag a bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na tréithe riachtanacha le riachtanais an róil, Imscrúdaitheoir (Príomhoifigeach Cúnta) in Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, a shásamh. Tá eolas mionsonraithe faoi scóip an róil seo agus faoi na bunriachtanais iontrála i leabhrán an chomórtais. Ní ghlacfar sa chomórtas seo ach le hiarratais chomhlánaithe a chuirfear chuig hrrecruitment@ombudsman.ie agus a chuirfear isteach ar na foirmeacha iarratais oifigiúla. Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil 12 a chlog, meán lae, Dé Luain, 4 Samhain 2024. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta.