Faoi Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI)
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is oifig reachtúil neamhspleách í Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil.
Chomh maith leis an gCoimisinéir agus an tArd-Stiúrthóir, tá foireann againn atá faoi stiúir Imscrúdaitheoir Sinsearach.
Is é an tAonad Tacaíochta in Oifig an Choimisinéara Faisnéise a chuireann tacaíocht ar fáil. Déileálann an tAonad le ceisteanna agus le próiseáil tosaigh achomharc nua. Faightear tacaíocht bhreise ó na seirbhísí comhroinnte a chuireann Oifig an Ombudsman ar fáil (mar shampla, bainistíocht acmhainní daonna agus tacaíocht teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide).
Déanaimid athbhreithniú ar na breitheanna a thugann údaráis phoiblí ar iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.
I bhformhór na gcásanna, is í an bhreith a ndéanaimid athbhreithniú uirthi ná an bhreith ar athbhreithniú inmheánach an údaráis phoiblí. Is í sin an dara breith a thugann an t-údarás poiblí ar iarraidh. Má theip ar an údarás poiblí fógra a thabhairt faoina bhreith ar an athbhreithniú inmheánach laistigh den tréimhse cheadaithe, meastar de réir an dlí gur thug an t-údarás poiblí dara cinneadh “lena ndearbhaítear” an chéad bhreith uaidh. Sna cásanna sin, is í an “dara breith” sin an bhreith a athbhreithnímid, cé go bhféadfadh gurb ionann í agus an bhreith bhunaidh, tríd is tríd.
Tugann an Coimisinéir breitheanna ar gach achomharc mura ndéantar an cás a tharraingt siar nó a réiteach nó mura scoirtear de. Foilsítear a chuid breitheanna agus tá siad ina gceangal dlí, cé go bhféadfar iad a achomharc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí.
Níl aon ról againn i gcabhair nó comhairle a thabhairt do bhaill den phobal, do chuideachtaí nó d’údaráis phoiblí maidir le hiarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhéanamh nó a phróiseáil.
Níl aon ról againn i measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann údaráis phoiblí faisnéis faoin gcomhshaol a bhailiú, a choinneáil agus a scaipeadh.
Fiú i gcás gurb é breith an Choimisinéara nach raibh údar le diúltú d’iarraidh, ní sinne a eisíonn an fhaisnéis. I gcás gurb é breith an Choimisinéara gur chuí d’údarás poiblí faisnéis a eisiúint, luafaidh sé sa bhreith uaidh go n-éilíonn sé air déanamh amhlaidh. Ní hé Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil a eisíonn an fhaisnéis, áfach.
Ní thairgimid comhairle dlí.
Agus breitheanna á n-athbhreithniú againn, cloímid le próiseas trí chéim: bailíochtú, imscrúdú, athbhreithniú.
1. Tar éis dúinn achomharc a fháil, seiceálaimid an bhfuil sé bailí nó nach bhfuil. Má tá, sanntar é don chéad imscrúdaitheoir atá ar fáil.
2. Scrúdaíonn an t-imscrúdaitheoir an cás agus cuireann sé an comhad, mar aon le moladh, faoi bhráid an Choimisinéara.
3. Déanann an Coimisinéir a athbhreithniú agus cuirtear an bhreith uaidh in iúl do na páirtithe.
Tar éis dúinn achomharc a fháil, seiceálaimid an bhfuil sé bailí faoin reachtaíocht nó nach bhfuil. Má tá, iarraimid ar an gcomhlacht poiblí cóipeanna den fhaisnéis tharraingthe siar a eisiúint, nuair is cuí. I roinnt cásanna, iarraimid ar na páirtithe ag an gcéim seo aighneachtaí a dhéanamh ina dtugtar tuilleadh faisnéise nó míniú ar cén fáth ar cheart don Choimisinéir breith a thabhairt ina bhfabhar.
Sannaimid an cás don chéad imscrúdaitheoir atá ar fáil. D’fhéadfadh sé/sí teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe chun iarraidh orthu aon soiléirithe a mheasann sé/sí a bheith riachtanach a chur ar fáil. D’fhéadfadh sé/sí aighneachtaí a iarraidh freisin (murar iarradh iad cheana féin) nó d’fhéadfadh sé/sí tuilleadh aighneachtaí a iarraidh. I gcás go dtarraingítear saincheist ábhartha nua anuas (mar shampla, eisceacht ó eisiúint nach rabhthas ag brath uirthi i mbreitheanna an údaráis phoiblí), is gnách go n-iarrtar ar na páirtithe ráiteas a thabhairt faoi sin. Tá ár n-imscrúdaitheoirí bunaithe san oifig: ní gnách go dtéann siad amach chun éilimh a sheiceáil nó bualadh le daoine a bhfuil baint acu le cás. Is é ról an imscrúdaitheora an fhaisnéis a theastaíonn a bhailiú, na fíricí agus na forálacha dlí a anailísiú agus moladh a ullmhú don Choimisinéir. Is trí ríomhphost, ar an teileafón nó trí chasadh an phoist a dhéanann imscrúdaitheoirí cumarsáid leis na páirtithe de ghnáth. Tuairiscíonn imscrúdaitheoirí cásanna d’Imscrúdaitheoir Sinsearach, a thuairiscíonn don Choimisinéir.
I roinnt cásanna, déantar achomhairc a tharraingt siar nó a réiteach nó scoirtear díobh sular gá don Choimisinéir breith a thabhairt. I ngach cás eile, cuireann an tImscrúdaitheoir Sinsearach an comhad faoi bhráid an Choimisinéara.
Breithníonn an Coimisinéir an cáschomhad, tugann sé breith fhoirmiúil i scríbhinn agus socraíonn sé go gcuirfear an bhreith in iúl do na páirtithe. Sa bhreith uaidh, féadfaidh sé breith an údaráis phoiblí a dhearbhú. Más cuí, is féidir leis éiligh ar na húdarais poiblí faisnéis comhshaoil a thabhairt do na hachomharcóirí.
I roinnt cásanna, cinneann an Coimisinéir gur cheart d’údarás poiblí iarraidh, nó cuid d’iarraidh, a athphróiseáil (nó iarraidh a phróiseáil den chéad uair, má theip air déanamh amhlaidh ar an gcéad dul síos).
Beag beann ar an toradh, ní eisíonn Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil an fhaisnéis iarrtha i gcás ar bith. Má tá an fhaisnéis le heisiúint, caithfidh an t-údarás poiblí í a eisiúint.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ár Lámhleabhar maidir le Nósanna Imeachta agus ár Ráiteas Straitéise.
Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an suíomh ghréasáin seo.
Má tá tuairim nó gearán agat faoi inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag AccessOfficer@ombudsman.ie
Más mian leat ábhar ar leith i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas san áireamh le do thoil:
Déanfaimid gach iarracht réasúnach chun d'iarratas a chomhlíonadh.
Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ a chomhroinnt le hOifig an Ombudsman. Déileálann ár nOifigeach Rochtana le fiosrúcháin agus gearáin faoi inrochtaineacht, arb é an ról atá aige cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost ag accessofficer@ombudsman.ie nó ar an teileafón ag 01 639 5625.