Ráiteas Inrochtaineachta OCEI
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Táimid tiomanta do chinntiú go bhfuil an suíomh gréasáin seo inrochtana de réir S.I. 358/2020.
Táimid tiomanta do chaighdeán AA a bhaint amach faoi threoirlínte WCAG 2.1.
Is leis an suíomh seo amháin a bhaineann an ráiteas inrochtaineachta seo – ní le suíomhanna rialtais nó fofhearainn eile.
Tá treoirlínte AA WCAG 2.1 á gcomhlíonadh i bpáirt ag an suíomh gréasáin seo faoi láthair.
Níl ceannteidil atá sainithe i gceart ar roinnt táblaí ar an suíomh gréasáin seo. Cruthaíonn sé seo níos mó deacrachtaí do dhaoine a bhfuil léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheanta gutha in úsáid acu an t-ábhar ar an suíomh a léamh. Treoirlíne WCAG 1.3.1
Níl tuairiscí grianghraif (nó meiteathuairiscí) ar gach íomhá ar an suíomh gréasáin seo. Mura bhfuil na tuairiscí cearta ar íomhánna ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a bhfuil teicneolaíochtaí cúnta in úsáid aige nó aici an fhaisnéis atá á roinnt san íomhá WCAG guidelines 1.1.1
Foilsítear go leor doiciméad i bhfoirm PDFanna – nach bhfuil chomh hinrochtana céanna le leathanaigh HTML do dhaoine a bhfuil teicneolaíochtaí cúnta in úsáid acu. Seo a leanas cuid de na fadhbanna a bhaineann le PDFanna:
Ní hionann an t-ábhar seo agus liosta uileghabhálach d'ábhar neamh-inrochtana.
Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin sa chás go mbaineann siad le seirbhís ar gá do bhall den phobal í a úsáid.
Tá físeáin nó ábhar fuaime a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair díolmhaithe ó na treoirlínte seo
Úsáidimid treoirlínte AA leibhéal WCAG chun tástáil a dhéanamh ar cé chomh hinrochtana is atá ár suíomh gréasáin. D'úsáideamar cur chuige Modheolaíocht Meastóireachta um Chomhréireacht Inrochtaineachta Suímh Gréasáin (WCAG-EM) chun measúnú a dhéanamh ar an suíomh.
Ta iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus tá tástáil úsáideoirí curtha i gcrích ar an suíomh againn. Leanfaimid ar aghaidh leis seo a dhéanamh – go háirithe nuair is féidir linn tástáil a dhéanamh nuair a cheadófar do dhaoine a bheith i láthair go pearsanta arís.
Tá gach roinn freagrach as an ábhar atá á thaispeáint aici ar an suíomh gréasáin seo.
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi inrochtaineacht an ábhair a úsáidtear ar shuíomh roinne – is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ábhartha i ngach roinn.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtana OCEI trí ríomhphost a sheoladh chuig accessofficer@ombudsman.ie nó trí ghlaoch ar an uimhir 01 639 5625.
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú ón roinn is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.
Nuashonraíodh an ráiteas seo den uair deiridh ar an 9 Meitheamh 2021.