Bean Uí X & An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Cásuimhir: OCE-152094-C5J9B0
Foilsithe
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Cásuimhir: OCE-152094-C5J9B0
Foilsithe
Cé acu an raibh nó nach raibh MARA i dteideal brath ar Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE chun an fhaisnéis a d’iarr an t-achomharcóir a dhiúltú
17 Nollaig 2024
1. Ar an 25 Meitheamh 2024, d’iarr an t-achomharcóir don fhaisnéis seo a leanas ó MARA:
“Cóipeanna d’aon iarratas mar aon le doiciméid tacaíochta, chomh maith le taifid ar aon chomhfhreagras agus cumarsáid i bhfoirm scríofa nó ó bhéal atá ag MARA maidir leis an leasú atá beartaithe ar Thoiliú Limistéir Mhuirí Uimhir Thagartha 2022-MAC-007 -
A) Leasú A.1. Ní mór síneadh ama trí iarraidh a dhéanamh ar chead forbartha a chur isteach idir 18 mí agus 24 mhí. Arna dheonú an 16 Bealtaine 2024.
B) Leasú arna mholadh ar an dToiliú Limistéir Mhuirí reatha lena n-áirítear síneadh ar Theorainn Limistéir Mhuirí an Eagair”
2. Idir 8 Iúil agus 10 Iúil 2024 agus sular eisíodh an litir chinnidh, bhí cumarsáid i scríbhinn idir MARA agus an t-achomharcóir. D'iarr MARA ar an achomharcóir an mbeadh sí sásta raon feidhme a hiarrata a bheachtú, mar gur shíl siad go raibh an fhaisnéis a bhí á hiarraidh míréasúnta. Ina theannta sin, chuir MARA in iúl don achomharcóir go raibh cinneadh déanta maidir leis an leasú a bhí beartaithe ar Uimhir Thagartha 2022-MAC-007 agus chuir siad nasc ar fáil di chuig an leathanach ábhartha ar shuíomh Gréasáin an Rialtóra Muirí. In ainneoin sin, dhiúltaigh an t-achomharcóir an tairiscint ó MARA cúnaimh a thabairt di chun raon feidhme a hiarrata a bheachtú.
3. Ar an 23 Iúil 2024, d’éisigh MARA a chinneadh agus dhiúltaigh siad d'iarraidh an achomharcóra faoi Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE. Cuireadh i dtábhacht ann conas go gcuirfí le hachainí an achomharcóra ar dhá iarraidh maidir leis an leasú atá beartaithe ar Uimhir Thagartha 2022-MAC-007 ualach míréasúnta ar acmhainní MARA, toisc go gcuirfeadh sé isteach go mór agus go míréasúnta ar a gcumas a bpríomhfheidhmeanna gnó a chomhlíonadh.
4. Ar an lá céanna, d’iarr an t-achomharcóir athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh seo.
5. Ar an 22 Lúnasa 2024, rinne MARA cinneadh an chinnteora bhunaidh a dhaingniú maidir le rochtain ar an bhfaisnéis a iarradh faoi Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE a dhiúltú.
6. Sheol an t-achomharcóir achomharc chuig an Oifig seo ar an 17 Meán Fómhair 2024.
7. Tá an t-athbhreithniú seo críochnaithe agam anois faoi Airteagal 12(5) de na Rialacháin AIE. Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh agam, thug mé aird ar na haighneachtaí a rinne an t-achomharcóir agus MARA.
D’fhéach mé ar na doiciméid seo a leanas freisin:
• An Treoirdhoiciméad a chuir an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán AIE (Treoir ón Aire);
• Treoir 2003/4/CE (an Treoir AIE maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gComhshaol), ar a bhfuil na Rialacháin bunaithe;
• Coinbhinsiún 1998 Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”); agus
• The Aarhus Convention—An Implementation Guide (Second edition, June 2014) [Coinbhinsiún Aarhus — Treoir maidir lena cur chun feidhme (‘an Treoir maidir le Aarhus’).
8. De réir Airteagal 12(5) de na Rialacháin AIE, is é an ról atá agam athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh MARA agus é a dhearbhú, a neamhniú nó a athrú. Nuair is cuí i gcúinsí achomhairc, éileoidh mé go gcuirfidh MARA faisnéis chomhshaoil ar fáil don achomharcóir.
9. Baineann an t-achomharc seo le cé acu a bhí nó nach raibh údar maith ag MARA rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú maidir le leasú atá beartaithe ar Uimhir Thagartha 2022-MAC-007 faoi Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE.
10. Chuir an t-achomharcóir a hiarraidh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin AIE isteach i nGaeilge. Dá réir sin, éiseoidh an Oifig seo an bhreith maidir leis an achomharc seo i nGaeilge agus ar an gcaoi sin, comhlíonfaidh sí a cuid oibleagáidí faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.
11. Foráiltear le hAirteagal 9(2)(a) go bhféadfaidh údarás poiblí diúltú faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil i gcás inar léir go bhfuil an iarraidh míréasúnta, ag féachaint don mhéid nó don raon faisnéise atá á lorg. Féachtar leis an bhforáil seo le hAirteagal 4(1)(b) den Treoir AIE maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gComhshaol a thrasuí, lena bhforáiltear go bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hiarraidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhiúltú más léir go bhfuil an iarraidh míréasúnta, agus go bhfuil sí bunaithe ansin ar chuid d'Airteagal 4(3)(b) den Choinbhinsiún Aarhus.
12. Maidir le hiarraidh mhór fhairsing, de réir bhrí Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire go mbeartaítear go sonrach le hAirteagal 7(2)(b) de na Rialacháin AIE agus le hAirteagal 3(2)(b) den Treoir AIE maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gComhshaol go ndéileálfaidh údaráis phoiblí leis an iarraidh mhór nó casta, ach go ndéanfaidh siad é sin laistigh de thréimhse ama níos faide. Ní gá go bhfuil iarraidh míréasúnta toisc é a bheith mionsonraithe.
13. Agus breithniú á dhéanamh ar cibé an bhfuil iarratas míréasúnta go follasach, is gá scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ar an údarás poiblí maidir le déileáil leis an iarratas. Go háirithe, is gá scrúdú a dhéanamh ar cé acu an mbeadh nó nach mbeadh costas nó iarracht dhíréireach i gceist don údarás poiblí chun freagairt a thabhairt ar an iarraidh, nó ar cé acu an gcuirfeadh sé bac nó an gcuirfeadh sé isteach go mór ar ghnáthchúrsa a ghníomhaíochtaí.
14. Tugann torthaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) i gCás T-2/03 Verein für Konsumenteninformation v an Coimisiún, i míreanna 101-115, le fios nach bhfuil fáil ar an eisceacht in Airteagal 9(2)(a) ach amháin i gcás ina mbíonn an t-ualach riaracháin a bhaineann le déileáil leis an iarraidh an-trom. Tá an t-ualach ar an údarás poiblí míréasúntacht an chúraim atá i gceist leis an iarraidh a léiriú. Más mian le húdarás poiblí brath ar chineál míréasúnach go follasach na hiarrata chun an iarraidh sin go léir nó cuid di a dhiúltú, ba cheart go mbeadh sé in ann an tionchar iarbhír agus sonrach a bheadh ag déileáil leis an iarraidh ar a ghnáthghníomhaíochtaí a léiriú go soiléir.
15. Ina theannta sin, ba cheart an tástáil atá leagtha amach ag CBAE i mír 69 dá chinneadh i gCás c-619/19 Land Baden-Württemberg v Dr a mheabhrú:
“…Ní mór d’údarás poiblí a ghlacann cinneadh lena ndiúltaítear rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol na cúiseanna a leagan amach a mheasann sé go ndéanfaí dochar iarbhír sonrach le nochtadh na faisnéise sin do leas a chosnaítear leis na heisceachtaí a bhfuiltear ag brath orthu. Ní mór don riosca go ndéanfar dochar don leas sin a bheith intuartha le réasún agus gan a bheith ina riosca atá hipitéiseach go fíor”.
16. Admhaím go ndearna MARA iarracht dul i dteagmháil leis an achomharcóir sular éisíodh cinneadh maidir leis an iarraidh seo. Tugaim do m'aire gur dhiúltaigh MARA ina chinneadh bunaidh d’iarratas an achomharcóra ar an mbonn go n-áirítear san fhaisnéis:
“Líon suntasach taifead amhail comhfhreagras inmheánach MARA, dréacht-leaganacha de dhoiciméid, taifid ghutháin agus nótaí a bhaineann leo, maidir leis na hiarratais ar leasú. Measaim go bhfuil ann do níos mó ná 200 taifead, ar a laghad, iad de mhéideanna éagsúla, idir leathanach amháin agus breis agus 150 leathanach. Measaim go dtógfadh sé i bhfad níos mó ná 75 uair an chloig chun na taifid sin a chuardach agus a aisghabháil. Dá réir sin, is féidir a thuar go réasúnta go mbeidh drochthionchar suntasach ar sheachadadh fheidhmeanna na nAonad Toiliithe Limistéir Mhuirí .”
17. Ní léir ón gcinneadh bunaidh conas a tháinig MARA ar an tátal go bhfuil os cionn 200 taifead aige a bhaineann le hiarratas an achomharcóra. Ina leith seo, ní sholáthraíonn MARA aon mhionsonraí ar aon réamhchuardaigh a rinneadh, e.g. cad iad na daoine a ndeachthas i gcomhairle leo maidir leis an gcuardach ná ní thugann sé aon mhíniú ar conas a rinneadh cuardaigh (i.e. de láimh, trí ríomhaire, de réir ainm agus/nó eochairfhocail). Níl sé soiléir ach an oiread conas a tháinig MARA ar an tátal go dtógfadh sé 75 uair an chloig chun cuardach agus aisghabháil na dtaifead sin a dhéanamh, conas a ndéanfaí an 75 uair an chloig a bhriseadh síos agus cad iad na céimeanna a bheadh le déanamh chun an iarraidh a phróiseáil. Níl aon fhaisnéis curtha ar fáil ag MARA maidir le cé acu an bhfuil na taifid á gcoimeád i bhfoirm leictreonach nó i gcóip chrua. Ina theannta sin, níl aon fhaisnéis curtha ar fáil ag MARA faoi chineál agus ábhar na dtaifead ábhartha agus maidir le cé acu an áitíonn sé go bhféadfadh feidhm a bheith ag aon cheann de na díolúintí atá sna Rialacháin AIE maidir leis an bhfaisnéis atá á lorg.
18. Ní thugtar aon sonraí breise maidir leis na ceisteanna seo sa chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh, agus ina chuid aighneachtaí chuig an Oifig seo, dúirt MARA “Tugann muid dá n-aire nach bhfuil tagairt shonrach sa litir athbhreithnithe inmheánaigh do mheastachán ar an méid taifead ach go ndearna an t-athbhreithneoir inmheánach. cuardach ar an gcóras do thaifid a bhaineann leis an gceist seo agus gur aimsigh sé thart ar 138 taifead, agus go raibh toradh an chuardaigh sin chomh maith le meastachán ar thaifid ionchasacha eile nár sábháladh ag an suíomh sin e.g. comhfhreagras ríomhphoist ag teacht le meastachán an chinnidh bhunaidh”. I bhfianaise na heaspa sonraí a cuireadh ar fáil sa chinneadh agus in aighneachtaí chuig an Oifig seo, níl mé sásta gur ghlac MARA bearta leordhóthanacha chun a fháil amach cé mhéad taifead a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarraidh seo, agus cé chomh fada a thógfadh sé an iarraidh a phróiseáil.
19. Ba cheart do MARA a thabhairt dá aire gur gá freisin Airteagal 9(2)(a) a léamh in éineacht le hAirteagal 10 de na Rialacháin AIE lena ndéantar foráil do srianta áirithe ar chumas údaráis phoiblí faisnéis chomhshaoil a dhiúltú. Ceanglaítear le hAirteagal 10(3) de na Rialacháin AIE ar údarás poiblí breithniú a dhéanamh ar gach iarraidh maidir leis a ndéantar fónamh dó trína diúltú agus déantar foráil in Airteagal 10(4) de na Rialacháin AIE go ndéanfar na forais maidir le diúltú d’iarraidh a léirmhíniú ar bhonn sriantach agus leas an phobail á chur san áireamh a ndéantar fónamh dó tríd an bhfaisnéis a nochtadh. Ceanglaítear le hAirteagal 7(4)(c) de na Rialacháin ar údarás poiblí na cúiseanna le hiarraidh a dhiúltú a shonrú.
20. Sa chinneadh uaidh, braitheann MARA ar Airteagail 10(3) agus 10(4) chun a mhaíomh nach rachadh nochtadh na faisnéise a d’iarr an t-achomharcóir chun leas an phobail. Leagann MARA béim ar an gcaoi a gcinnteofar trí thaifid a choimeád go leanfaidh siad de bheith ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna go héifeachtach agus de bheith ag tabhairt cinntí MAC ar bhealach tráthúil. In ainneoin sin, admhaíonn MARA sa chinneadh céanna:
“Cé go mbeadh taifid ar nós na bhfoirmeacha iarratais agus na faisnéise tacaíochta breise a chuir an t-iarratasóir faoi bhráid MARA agus na ndoiciméad cinnidh deiridh inghnóthaithe go héasca, is ann do go leor taifead eile nach mbeadh inghnóthaithe go héasca.”
Trí chur chuige sriantach a chur i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 10(4) agus trí Airteagal 10(5) a chur i bhfeidhm freisin, maím gur cheart do MARA a mheas an bhféadfadh sé an fhaisnéis go léir a bhí “inghnóthaithe go héasca” nó cuid di a chur ar fáil don achomharcóir.
21. Tar éis dom breithniú a dhéanamh ar an méid thuas, nílim sásta gur bhunaigh MARA go bhfuil ualach riaracháin na hiarrata seo de chineál go bhfuil an iarraidh míréasúnta go follasach de réir bhrí Airteagal 9(2)(a). Ní chiallaíonn méid na faisnéise amháin gur léir go bhfuil iarraidh go follasach míréasúnta, toisc go ndéantar foráil go sonrach sna Rialacháin AIE maidir le síneadh ama chun cinneadh a dhéanamh i gcás ina bhfuil údar maith leis sin de bharr mhéid na hiarrata ar fhaisnéis faoin gcomhshaol faoi Airteagal 7(2)(b) de na Rialacháin AIE. Déanfaidh mé cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh MARA a neamhniú. I bhfianaise chineál an achomhairc seo, ba cheart do MARA próiseas athbhreithnithe inmheánaigh nua a dhéanamh. Más rud é go bhfuil MARA fós den tuairim gur go bhfuil an iarraidh míréasúnta go follasach, ba cheart dó é sin a leagan amach leis na mionsonraí is gá i gcinneadh athbhreithnithe inmheánaigh nua, ag féachaint do mo chuid tuairimí thuas.
22. Ar mhaithe le soiléireacht, tugaim faoi deara anseo nach bhfuil an síneadh ama dá bhforáiltear in Airteagal 7(2)(b) ar fáil ach ag céim an chinnidh bhunaidh, agus ní ag céim an athbhreithnithe inmheánaigh. Mar sin, ní bheidh sé de chead ag MARA síneadh a chur leis an am chun cinneadh a dhéanamh agus próiseas athbhreithnithe inmheánaigh nua á chur i gcrích.
23. Tar éis dom athbhreithniú a dhéanamh faoi Airteagal 12(5) de na Rialacháin AIE, neamhním leis seo cinneadh MARA rochtain ar fhaisnéis a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Uimhir Thagartha 2022-MAC-007 faoi Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin AIE a dhiúltú. Ba cheart do MARA cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh nua a sholáthar don achomharcóir i leith na hiarrata lena mbaineann.
24. Féadfaidh páirtí san achomharc nó aon duine eile a ndéanann an cinneadh seo difear dó achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí ón mbreith. Ní mór an t-achomharc
sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis fógra faoin mbreith a thabhairt don duine a rinne an t-achomharc.
Julie O’Leary
Thar ceann an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil